Gaelscoil Thiobraid Arann

Laoch Rugbaí Áitiúil – Amee Leigh Murphy Crowe

Tháinig ár laoch rugbaí Oilimpeacha áitiúil, Amee Leigh Murphy Crowe, ar cuairt chugainn ar an gCéadaoin, 20ú Samhain 2024   Imríonn Amee Leigh rugbaí ar son na hÉireann agus ghlac sí páirt ins na ‘Rugby Sevens’ sna Cluichí Oilimpeacha le linn an tSamhraidh!!  Is duine an-ionspráideach í a spreagamar cloí leis an spórt, fiú má éiríonn sé deacair dhúinn agus a bheith mar bhall de chlub áitiúil más féidir.  Thóg sí sinne ar a cuid turas faoi conas gur éirigh leí an léibhéal aclaíochta atá aici a shroicint agus thaispeáin sí gur féidir linne é sin a dhéanamh má tá an fhís céanna againn.  Coinnigí leis, a chairde!  Ghléas gach éinne i ngeansaithe na hÉireann.  Shínigh sí leabhair, geansaithe rugbaí is póstaeir srl. agus d’imir sí dushlán corraitheach rugbaí ina dhiaidh le daltaí na Gaelscoile!!  Bhí craic millteach ag gach éinne.

 

Our local rugby HERO, Amee Leigh Murphy Crowe visited us in school this week.  Amee Leigh plays international rugby and also participated in the ‘Rugby Sevens’ in this years Olympic Games!!  Amee Leigh is a truly inspirational figure and encouraged everyone to be a part of some sort of sport or sports cub and to keep on going even when the going gets tough!  She took us on her journey as to how she got to the level of fitness that she has today and showed us that if we have a similar vision we can make that happen by persevering! Everyone wore their Irish colours on the day.  Amee Leigh signed jerseys, banners, books and posters and then played an EPIC rugby challenge with some of the students!! It was great fun.


<< Ar ais go leathanach Blag